I gcúirt i mBéal Feirste, éigiontaíodh go foirmiúil beirt iarshaighdiúirí in Arm na Breataine a bhí ar a dtriail faoi dhúnmharú Joe McCann, ball sinsearach den IRA Oifigiúil a lámhachadh sa bhliain 1972.

Mharaigh paratrúpaí Joe McCann, 24 bliain, i gceantar na Margaí in oirthear Bhéal Feirste agus é ag teitheadh uathu. Ní raibh sé armtha.

Tar éis fiosrúcháin, chinn na póilíní sa Tuaisceart in 2013 nach bhféadfaí marú Joe McCann a chosaint agus rialaigh an tseirbhís ionchúiseamh poiblí in 2016 gur chóir daoine a chúisiú ina dhúnmharú.

Cuireadh tús le triail na beirte saighdiúirí Dé Luain seo caite, tráth a éisteadh roinnt fianaise.

Cuireadh an triail ar ceal inniu, áfach, nuair a dheimhnigh an tseirbhís ionchúiseamh poiblí nach ndéanfaidís achomharc in aghaidh rialú an Bhreithimh John O'Hara Dé hAoine seo caite nach bhféadfaí glacadh mar fhianaise le ráitis a rinne na saighdiúirí go luath tar éis an mharaithe agus arís in 2010.

Níl cead an bheirt shaighdiúirí a ainmniú.

Tá ainm Joe McCann in airde faoin ngrianghraf a glacadh de ag bácús Inglis i gceantar na Margaí ar 9 Lúnasa 1971, an lá ar tugadh imtheorannú isteach.

Mí go leith tar éis a mharaithe ar an 15 Aibreán 1972, d'fhógair an tIRA Oifigiúil sos comhraic.

Tá ceithre chás eile a bhaineann le hiarshaighdiúirí in Arm na Breataine á bpróiseáil ag na cúirteanna sa Tuaisceart faoi láthair.