Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil beirt eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 383 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,908 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 250,672 duine san iomlán.

Tá 144 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 41 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 129 de na 383 cás nua, tá 40 cás i gCill Dara, 32 sa Mhí, 25 i nDun na nGall, 25 i Lú agus tá an 132 cás eile roinnte idir gach contae eile.

Fógraíodh inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 83 cás nua ann.

Tá 2,146 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 120,501 duine ó thús na géarchéime.

Tá 62 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, seachtar acu in aonaid dianchúraim.