Tá foláireamh tugtha ag dochtúirí go bhfuil an cineál cannabais atá ar fáil anois i bhfad níos láidre ná aon chineál a bhí ar fáil roimhe seo.

Dar le dochtúirí ó Choláiste Síciatraithe na hÉireann go bhfuil an líon daoine atá á gcur in ospidéil mar gheall ar mhí-úsáid cannabais méadaithe faoi thrí le deich mbliana.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an síceolaí leanaí agus déagóirí, an Dr Gerry McCarney, go bhfuil an-imní ar shaineolaithe sláinte faoin scéal.

Dhearbhaigh sé gur cuireadh 309 duine in ospidéil mar gheall ar mhí-úsáid cannabais in 2019, beagnach trí oiread níos mó ná sa bhliain 2007.

Creideann dochtúirí, a dúirt sé, gurb é láidriú an druga idir an dá linn is cúis leis seo.

Tá imní orthu freisin, a dúirt an Dr McCarney, go bhfuil an dioscúrsa poiblí faoi channabas aontaobhach. Ní mór aird an phobail a tharraingt ar a bhfuil ag tarlú i gclinicí, a dúirt sé, agus a mheabhrú do dhaoine nach druga neamhurchóideach é cannabas.

Thug an Dr McCarney le fios gur minic níos mó ná 10% den phríomhábhar síceaghníomhach (THC) a bheith sa channabas atá ar fáil anois. Tá sé sin i bhfad níos láidre ná an cineál a bhíodh ar fáil fiche bliain ó shin, a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil níos mó daoine á gcur in ospidéil mar gheall ar mhí-úsáid cannabais faoi láthair ná mí-úsáid hearóine nó cócaoin.

Údar mór imní é freisin gur thosaigh cuid de na hothair ag caitheamh cannabais nuair a bhí siad chomh hóg le seacht mbliana, a dúirt an Dr McCarney.

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt an Dr Kieran Moore ó Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, go bhfuil sé dhuine dhéag san ospidéal sin faoi láthar de bharr fadhbanna síciatracha.

Dúirt an Dr Moore go "[g]cuireann muid ceist ar gach othar ar ghlac tú aon druga, go háirithe cannabas, sula ndeachaigh tú isteach san ospidéal agus deireann siad de ghnáth, 'níor ghlac mé aon rud.'

"Ach nuair a dhéanann muid tástáil orthu, go minic bíonn siad dearfach. Agus deirim leo, bhuel, cén fáth gur dhúirt tú nár ghlac tú aon rud agus deireann siad 'bhuel, níl ann ach cannabas, ní dhéanann sé sin aon dochar domsa.' Níl an ceart acu."