Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil súil aige roinnt roghanna a fháil i dtús na seachtaine seo maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an phlean vacsainithe. Dúirt sé áfach go bhfuil sé ró-luath a rá an mbeadh na moltaí sin réidh le cur faoi bhráid an chruinnithe Rialtais a thionólfar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna amárach.

Tá oifigigh na Roinne Sláinte ag déanamh a machnaimh maidir leis an chlár vacsainithe ó moladh an tseachtain seo caite go dtabhfarfaí vacsaíní Johnson & Johnson agus AstraZeneca do dhaoine 50 bliain d'aois agus os a chionn.

Faoi láthair tá cead na ceithre vacsaíní éagsúla a thabhairt dóibh siúd san aoisghrúpa 50-59.

Idir 40-49, ní cheadaítear ach vacsaíní Pfizer agus Moderna a úsáid.

Táthar anois ag breathnú ar roinnt roghanna - ina measc go dtabharfaí AstraZeneca do dhaoine os cionn 50 bliain d'aois, agus go gcoinneofaí vacsaín Pfizer i leataobh le tabhairt don aoisghrúpa 40-49 bliain.

Tá oifigigh ag fiosrú chomh maith an bhféadfaí an vacsaín Pfizer a thabhairt dóibh siúd idir 40-49, agus an vacsaín AstraZeneca a dháileadh ar an aoisghrúpa 50-59 ag an am chéanna.

D'fhéadfadh sé go gciallódh seo go mbainfí úsáid as fíorbheagán de vacsaín aondáileog Johnson & Johnson a bhfuiltear ag súil lena bhformhór anseo i dtrátha an Mheithimh.

Léiríonn na figiúirí laethúla maidir leis an víreas Covid-19 go bhfuil an víreas tolgtha ag 453 eile ach nach bhfuair aon duine bás dá bharr.

Tá 40 duine - laghdú ó 39 inné - faoi dhianchúram ospidéii inniu.

Dúirt an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil Sláinte Poiblí gur faoi 45 bliain d'aois atá 78% dóibh siúd a bhfuil an víreas orthu. 25 bliaiin an meán aois.

D'fhógair an Fhoireann chomh maith go raibh an chéad dáileog den vacsaín in eádan an víris faighte ag 1,146,562 ar an chéad lá de Bhealtaine, agus an dara dáileog faighte ag 445,326 duine.