Tuairiscíodh 368,147 cás nua de Covid 19 san India le ceithre huaire is fiche anuas, an tarna lá dhéag as a chéile ar tuairiscíodh os cionn 300,000 cás nua in aon lá amháin.

Deir eolaithe go bhfuil ag géarú ar an bpaindéim ansin faoi láthair, agus go mbainfidh an tonn seo a buaicphointe amach sna laethanta amach romhainn. Fiche milliún cás de Covid-19 atá deimhnithe san India go hoifigiúil faoin tráth seo agus tá os cionn 220,000 duine básaithe leis an ngalar. Ach, de réir meastúchán, d'fhéadfadh an líon cásanna agus básanna a bheith suas le deich n-uaire níos airde fiú.

Is é an stát Maharashtra, ina bhfuil cathracha mar Mumbai, is mó atá buailte, mar aon le príomhchathair na hIndia, Dehli, freisin.

Is as Corcaigh ó dhúchas d'Fhionnbarra Ó Buachalla. Tá sé ag cur faoi in oirthuaisceart na hIndia in Mizoram, áit nach bhfuil buailte chomh trom céanna le ceantracha eile. Deir sé gur ag troid i gcoinne tinte atá na húdaráis san India i gcónaí.

"Thosaigh an clár vacsaínithe ar dtús i mí Eanáir. Bhí sé ag dul go breá. Is dócha nach raibh brú ar an gcóras mar cheap daoine go raibh smacht ar leathadh an víris ag an tráth sin. Ní raibh go leor leor daoine ag lorg na vacsaíne ag an uair chéanna. Ach ansin, go tobann, le mí anuas, thosaigh na céadta milliún duine á lorg.

"Bhí go leor cainte le gairid freisin ar an easpa ocsaigine sna hoispidéil mhóra in Mumbai agus Delhi. Is cosúil go bhfuil feabhas éigin tagtha air sin anois. Ach tá fadhb eile anois tagtha chun cinn: easpa leapacha sna hospidéil.

"Tá an pobal anseo ag iarraidh go ndéanfaidh an rialtas na fadhbanna seo ar fad a láimhseáil. Bhí tuairimíocht ann go mb'fhéidir go raibh an rialtas ródhírithe ar chúrsaí polaitíochta, mar bhí toghcháin ann i gcuid de na stáit mhóra. Ach bhí toradh ar na toghcháin sin inné. Mar sin, b'fhéidir go rachaidh siad i ngleic anois leis na fadhbanna a bhaineann le Covid-19 a réiteach," a dúirt Fionnbarra Ó Buachalla.

Tá vacsaín faighte ag 9% de mhuintir na hIndia faoi tráth seo.