Údar mór imní is ea an méid cásanna Covid-19 i nDún na nGall thar aon áit eile sa tír, a dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan.

125 duine as gach 100,000 atá i ráta tolgtha an ghalair go náisiúnta, a dúirt sé, ach 295 duine as gach 100,000 atá sa ráta tolgtha i nDún na nGall.

Tá an Dr Holohan ag iarraidh ar cheannairí pobail i nDún na nGall, agus i gceantair eile a bhfuil líon ard cásanna iontu, cur ina luí ar dhaoine cloí leis na beartais sláinte poiblí, go háirithe más daoine leochaileacha iad nó mura bhfuil an vacsaín faighte acu fós.

Ag labhairt dó ag preasócáid tráthnóna, mhaígh an Dr Holohan go bhfuil ráigeanna den ghalar in a lán áiteanna éagsula i nDún na nGall.

Dúirt sé gur suaithní go bhfuil go leor daoine ag sárú na dtreoirlínte sláinte sa chontae sin i gcomórtas le codanna eile den tír.

Tá rudaí ag tarlú i nDún na nGall a bhfuil a fhios ag madraí an bhaile nár chóir dóibh a bheith ag tarlú, dar leis an Dr Holohan.

Thug sé le fios go bhfuil imní ar na húdaráis sláinte sa Tuaisceart freisin faoi chúrsaí Covid-19 i nDún na Gall, go háirithe agus daoine ag dul trasna na teorann gach lá.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Rónán Glynn go bhfuil an ráta den ghalar i nDún na nGall níos airde ná an meánráta náisiúnta ó Mheán Fómhair anuraidh.

Thug sé le fios nach iad ionaid oibre is cúis leis an ráta ard ach leag sé an milleán ar chóisirí, ar thórraimh agus ar dhaltaí scoile dara leibhéal a bheith ag teacht le chéile tar éis na scoile.