D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil ceathrar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 545 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,903 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 248,870 duine san iomlán.

Tá 139 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 44 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 264 de na 545 cás nua, tá 58 cás i gCill Dara, 50 i gCorcaigh, 29 i nDun na nGall, 28 i nGaillimh agus tá an 116 cás eile roinnte idir gach contae eile.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 108 cás nua ann.

Tá 2,145 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 120,195 duine ó thús na géarchéime.

Tá 60 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, ochtar acu in aonaid dianchúraim.