Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios go bhfuiltear ag breathnú ar dhaoine idir 40 agus 49 bliain d'aois a vacsaíniú in aghaidh Covid-19 ag an am céanna le daoine idir 50 agus 59 bliain.

Dúirt sé go bhfuil an Roinn Sláinte ag anailísiú na bhfigiúirí faoi láthair le súil is gur féidir an dá aoisghrúpa a vacsaíniú comhthreomhar le chéile.

Dúirt an tAire freisin gur cor an-dearfach é go mbeidh daoine idir 50 agus 59 in ann clárú ar líne don vacsaín ón tseachtain seo chugainn.

Mhaígh sé cé nach bhfuil dóthain vacsaíní Johnson & Johnson ann don aoisghrúpa sin faoi láthair go mbeidh neart acu á gcur ar fáil as seo go ceann roinnt seachtainí.

Dála an choróinvíris féin, dúirt Stephen Donnelly go bhfuil beagnach 150 cás d'athraithigh a bhfuil imní ina dtaobh aimsithe sa Stát go dtí seo.

Ina measc, tá 71 cás den athraitheach B.1.351 a tugadh faoi deara i dtosach san Afraic Theas agus 27 cás den athraitheach P1 a tugadh faoi deara i dtosach sa Bhrasaíl.

Chomh maith leis sin, aimsíodh ocht gcás den athraitheach B.1.617 a tháinig chun cinn i dtosach san India.