Bhí na scuainí daoine ag fanacht le dul isteach i siopaí Primark i mBéal Feirste agus i nDoire ar maidin tar éis d'ionaid mhiondíola ar fud an Tuaiscirt a ndoirse a oscailt arís.

D'oscail Primark ar Shráid an Chaisleáin i mBéal Feirste níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, ag 7 a chlog, mar gheall ar an draoi custaiméirí a bhí bailithe taobh amuigh leis an maidneachan.

B'éigean do na póilíní ord agus eagar a chur ar an scuaine le cinntiú go raibh rialacha faoi scaradh sóisialta á gcur i bhfeidhm.

Tá tithe tábhairne, caifí agus bialanna oscailte arís inniu do chustaiméirí taobh amuigh.

Tá ionaid aclaíochta agus linnte snámha oscailte do dhaoine aonair.

Dearbhaíodh inné nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ón lá roimhe sin agus go raibh 95 cás nua ann.

Bhí 61 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart inné, ochtar acu in aonaid dianchúraim.