Thug an Taoiseach Micheál Martin le fios go bhfuil an Rialtas rídhóchasach nach gcuirfear as do na pleananna a fógraíodh inné maidir le srianta Covid-19 a mhaolú de réir a chéile as seo go ceann roinnt seachtainí.

Mar sin féin, a dúirt an Taoiseach, ní bheidh aon drogall ar an Rialtas na pleananna sin a leasú má thagann aon údar imní chun cinn ó thaobh an choróinvíris de.

Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh Micheál Martin go bhfuil na pleananna ag brath ar iompar pearsanta an duine aonair agus iompar an phobail trí chéile.

D'fhógair an Rialtas inné go mbeidh cead ag daoine dul aon áit sa tír arís ón 10 Bealtaine.

An lá céanna, seachtain ón Luan seo chugainn, osclóidh go leor ionad gnó agus cultúrtha arís, agus beidh raon leathan seirbhísí ar fáil arís den chéad uair ó thús na bliana.

Seachtain ina dhiaidh sin, ón 17 Bealtaine, beidh cead ag gach siopa oscailt arís.

Osclóidh óstáin agus ionaid eile lóistín ón 2 Meitheamh, agus osclóidh bialanna agus tithe tábhairne do chustaiméirí taobh amuigh arís ón 7 Meitheamh.

Dúirt Micheál Martin go meastar go mbeidh thart ar 4.5 milliún vacsaín faighte ag daoine faoi dheireadh mhí an Mheithimh, ach d'admhaigh sé go bhfuil castachtaí ag baint le vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson a chur ar fáil de réir na comhairle is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.

Os a choinne sin, a dúirt sé, tá ag éirí leis an gclár náisiúnta vacsaínithe go dtí seo agus tá go leor brú bainte den tseirbhís sláinte dá bharr.