I bpreas-ráiteas eisithe ag ard-oifig Fine Gael, d'fhógair an TD agus iar-Aire Tithíochta Eoghan Murphy go bhfuil sé ag seasamh síos óna shuíochán Dála.

I litir a sheol sé chuig baill Fhine Gael i nDáilcheantar Cuan Bhaile Átha Cliath Theas, dúirt an TD Murphy go raibh an chinneadh seo tógtha aige i ndiaidh dianmhachnamh bheith déanta faois na h-impleachtaí.

Dúirt an TD Murphy gur ghlac sé an chinneadh phearsanta seo agus go n-aithníonn sé go mbainfeadh sé geit as daoine.

Tofadh chun na Dála ar dtúis é i 2011 agus ceapadh ar dtúis ina Aire-Atáit é sular cheap Leo Varadkar ina Aire tithíochta é i 2017.

Scríobh an tUasal Murphy chuig an Ceann Comhairle lena chinneadh a chur in iúl dó.

Ciallaíonn a chinneadh go mbeidh fo-thoghchán le gairm sa Dáilcheantar inar bhain sé an tríú suíochán as ceithre cinn in olltoghchan na bliana seo caite. Tofadh an tAire Comhshaoil Éamonn Ryan, Comhaontas Glas, Chris Andrews, Sinn Féin agus jim O'Callaghan sa toghchán anuraidh.

B'í Kate O'Connell a chaill a suíochán Dála sa toghchán sin.

Sular tofadh chun na Dála é, d'oibrigh an TD Murphy leis na Náisiúin Aontaithe. ceaptar gur ag filleadh ar ról idirnáisiúnta atá sé.