Tá sé deimhnithe ag Intel go bhfuil ráig Covid-19 ar láthair an chomhlachta i Léim an Bhradáin, Co Chill Dara.

Is i measc oibrithe atá ag tógáil ionad nua déantúsaíochta an chomhlachta atá an ráig, a dúradh.

Dar leis an gcomhlacht go bhfuil an galar ar thart ar 70 oibrí ach dúradh go bhféadfadh an figiúr sin athrú.

Dúradh chomh maith go bhfuil an príomhchonraitheoir ar an láthair ag obair i gcomhar leis na húdaráis sláinte poiblí ach go bhfuiltear ag leanúint den obair thógála ansin i gcónaí.

Dúirt Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta nach dóigh go mbeidh aon anáil ag an ráig i Léim an Bhradáin ar an bplean láithreacha tógála ar fud na tíre a oscailt faoin 4 Bealtaine.

Dúirt an Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús, áfach, gur chóir láthair Intel a dhúnadh mar gheall ar an ráig.

Mhaígh sé gur inis duine de na hoibrithe ar an láthair dósan go raibh os cionn 150 cás Covid-19 ann.