Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil deichniúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 617 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,866 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 245,310 duine san iomlán.

Tá 176 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 48 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 236 de na 617 cás nua, tá 84 cás i nDún na nGall, 37 i gCill Dara, 34 i dTiobraid Árann, 30 in Uíbh Fhailí agus tá an 196 cás eile roinnte idir 20 contae eile.

Fógraíodh níos túisce inniu gur bhásaigh triúr eile le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 120 cás nua ann.

Tá 2,140 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 119,471 duine ó thús na géarchéime.

Tá 62 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, seachtar acu in aonaid dianchúraim.