Thug ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le fios go bhfuil bunachar sonraí maidir le vótálaithe sa tír seo á choinneáil ag an bpáirtí ar fhreastalaithe i bhFrankfurt sa Ghearmáin.

Ag labhairt di ar Newstalk, dúirt Mary Lou McDonald gur eolas ó fheachtais chanbhasála an pháirtí atá á stórail ar an mbunachar sonraí ar a dtugtar Abú.

Bhí an freastalaí á choinneáil i dtosach i Londain, a dúirt sí, ach b'éigean an suíomh a athrú nuair a d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Tá an bunachar sonraí a stóráil sa Ghearmáin anois de réir dlí, a dúirt sí.

Mhaígh Mary Lou McDonald nach bhfuil in Abú ach córas canbhasála den sórt a bhí riamh ann.

Níl de dhifríocht ann anois ach go bhfuil an bunachar sonraí á stóráil go leictreonach seachas ar pháipéar, a dúirt sí.

Dar le Mary Lou McDonald chomh maith go bhfuil scéal chailleach an uafáis déanta den bhunachar sonraí a bheith á stóráil thar lear seachas in Éirinn.

Tá eolas pearsanta faoi na milliúin vótálaithe sa bhunachar sonraí agus scríobh an Coimisinéir Cosanta Sonraí chuig Sinn Féin an tseachtain seo caite ag lorg tuilleadh eolais faoi.

Thug Mary Lou McDonald le fios go bhfuil na ceisteanna ar fad a chuir an Coimisinéir ar Shinn Féin freagartha ag an bpáirtí ó shin.