Tá seilbh gafa ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla ar theach, naoi ngluaisteán sóchais, airgead tirim agus seodra ó bhuíon coiriúlachta eagraithe atá bunaithe i gCill Airne, Co Chiarraí.

Tá gníomhaíochtaí na buíne á bhfiosrú ag na Gardaí le cúig bliana, a dúradh.

I gcáipéisí a nochtadh san Ard-Chúirt, dúradh go bhfuil baint ag na coirpigh le hobair fheabhsúcháin tithe, mar dhóigh de, in Éirinn agus thar lear.

Dúirt an Biúró san Ard-Chúirt go gcuireann an bhuíon ina luí ar dhaoine leochaileacha obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar a dtithe ach nach mbíonn cuma ná caoi ar an obair sin ar deireadh.

Ar maidin inniu, ghabh bleachtairí ón mBiúró seilbh ar theach i mBaile Uí Chaisín i gCill Airne.

Is le Patrick Coffey, 39 bliain d'aois, an teach agus ar dúradh faoi san Ard-Chúirt gur ball den bhuíon coiriúlachta é.

Chomh maith leis an teach, thóg an Biúró €300,000 in airgead tirim, gluaisteáin den déanamh BMW, Audi agus Mercedes, agus uaireadóirí agus seodra den déanamh Rolex, Cartier, agus Dolce & Gabbana.