Tháinig an Coiste Comhairleach Náisiunta um Imdhíonadh le chéile inniu leis an bhfaisnéis is deireanaí faoi vacsaín Johnson & Johnson in aghaidh Covid-19 a phlé.

Arú inné, dúirt an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach gur mó an sochar ná an dochar atá sa vacsaín ainneoin tuairisicí faoi theáchtáin fhola a bhain do líon beag daoine a fuair í i dtíortha éagsúla.

Tá Éire le 600,000 dáileog den vacsaín a fháil idir seo agus Meitheamh.

Murab ionann agus vacsaíní eile, ní thugtar ach instealladh amháin de vacsaín Johnson & Johnson do dhaoine.

Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios go bhfuil súil aige go molfaidh an an Coiste Comhairleach Náisiunta um Imdhíonadh an vacsaín a thabhairt do dhaoine faoi bhun 60 bliain mar go bhfuil dóthain vacsaíní eile ann, a dúirt sé, le haghaidh daoine os cionn 60.

Tuigtear go ndéanfaidh an coiste cinneadh faoin vacsaín an tseachtain seo chugainn.

An tseachtain seo caite, chomhairligh an coiste gan vacsaín AstraZeneca a thabhairt do dhaoine faoi bhun 60 bliain d'aois feasta i bhfianaise tuairiscí idirnáisiúnta faoi théachtáin fhola.