Tá sé tugtha le fios ag seirbhís monatóireachta aeráide an Aontais Eorpaigh nach raibh sé chomh te ná chomh fliuch riamh san Eoraip agus a bhí anuraidh.

Dar leis an tseirbhís go raibh an Eoraip beagnach leathchéim Celsius níos teo in 2020 ná a bhí sa bhliain ba theo roimhe sin.

Bhí an geimhreadh seo caite 3.4 céim níos airde ná an mheánteocht gheimhridh a taifeadadh idir na blianta 1981-2020, a dúradh.

San Artach, bhí an teocht anuraidh 2.2 céim níos airde ná an mheánteocht idir 1981-2020. Sin an dara bliain ba theo riamh san Artach.

Fágann sé seo ar fad go bhfuil spriocanna chomhaontú aeráide Pháras, a síníodh in 2015, gan chomhlíonadh.

De réir an chomhaontaithe sin, ní foláir do 200 tír obair as lámha a chéile le teocht an domhain a ísliú 1.5 céim.