Tá na Gardaí ag iarraidh ar an bpobal cuidiú leo teacht ar chailín ceithre bliana déag atá ar iarraidh óna teach cónaithe i gCo Lú.
Tá foláireamh oifigiúil tarrthála linbh eisithe ag na Gardaí i leith Svetlana Murphy a d'fhág an teach sna Creagacha Dubha ag thart ar 4 a chlog tráthnóna Dé Luain seo caite.
Is é athair Svetlana a chuir fios ar na Gardaí.
Deir na Gardaí go gcreideann siad go bhfuil Svetlana i gcuideachta Nojus Maculevicius, ógánach ocht mbliana déag, agus tá imní orthu go bhféadfadh sí a bheith i mbaol.
Nojus Maculevicius
Is cosúil go bhfuil an bheirt ag taisteal i ngluaisteán den déanamh Hyundai Veloster ar dhath an airgid.
Chonacthas iad san Iúr, Co an Dúin, ag 7 a chlog tráthnóna Dé Luain agus arís ag 5.35 tráthnóna inné i gceantar Bhéal Feirste.
Dúirt an Ceannfort Liam Geraghty gur dóichí go bhfuil an bheirt fós in Éirinn agus thug sé le fios go bhfuil na Gardaí ag obair i gcomhar le póilíní an Tuaiscirt féachaint le teacht orthu.