Le Tomás Ó Mainnín
Bhí cruinniú ag Cairde Éanlaith Éireann leis an Aire Stáit Oidhreachta Malcolm Noonan agus leis an tSeirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra inniu chun an drochstaid, a deir an cumann, atá ar stádas caomhnaithe roinnt d'éin dhúchasacha na tíre seo a phlé.
Is é inniu Lá Idirnáisiúnta an Chrotaigh ach dar le Cairde Éanlaith Éireann go bhfuil níos mó speiceas dúchasach i mbaol anois ná mar a bhí riamh roimhe seo.
De réir tuairisce a d'fhoilsigh an cumann, tá 54 speiceas in Éirinn i mbaol, sin méadú 46% le deich mbliana.
Dúirt Máirtín Mac Ionnrachtaigh ón gcumann go n-airítear an puifín, an naoscach agus an pocaire gaoithe i measc na n-éan atá faoi bhagairt.
An puifín i mbaol
Athruithe ar a ngnáthóga de bharr athruithe ar nósanna talmhaíochta a luaitear leis seo.
Dúirt Máirtín Mac Ionnrachtaigh gur foraoiseacha, ró-iascach agus athrú aeráide is mó is cúis le meath na n-éan.
"Éigeandáil bitheolaíochta" a thug sé air agus dar leis go bhfuil gá le gníomh chun an meath a stopadh.
Bhí an crotach an-chomónta sa tír seo tráth. Anois, áfach, meastar nach bhfuil fágtha ach timpeall 140 péire.
Dhá bhliain ó shin, foilsíodh moltaí tascfhórsa a bunaíodh chun dul i ngleic leis an meath.
Dúirt Oonagh Duggan ó Chairde Éanlaith Éireann, áfach, gur cúis díomá don ghrúpa an laghad dul chun cinn atá déanta maidir leis na moltaí sin a chur i bhfeidhm.
Tar éis chruinniú an lae inniu, dúirt an Roinn Oidhreachta go dtagann tuairisc Chairde Éanlaith Éireann le taighde atá déanta ag an Roinn féin.
Maidir le moltaí an tascfhórsa i leith an chrotaigh, dúirt an Roinn go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh orthu faoi láthair le súil is go gcuirfear dlús leis na moltaí a chur i bhfeidhm.