D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil cúig dhuine dhéag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 401 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,856 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 244,695 duine san iomlán.

Tá 182 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 47 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 182 de na 401 cás nua, tá 40 cás i gCill Dara, 31 i nDún na nGall, 23 i Luimneach, 22 i gCorcaigh agus tá an 103 cás eile roinnte idir seacht gcontae dhéag eile.

Fógraíodh inniu chomh maith gur taifeadadh duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 116 cás nua ann.

Tá 2,137 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 119,351 duine ó thús na géarchéime.

Tá 59 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, naonúr acu in aonaid dianchúraim.