Tugadh fear as Baile Átha Cliath os comhair cúirte sa Tuaisceart agus é curtha ina leith go ndearna sé iarracht póílín a dhúnmharú i gCo Dhoire beagnach sé bliana ó shin.
Sin é Kieran Maguire, 33 bliain d'aois, as Páirc Chipiúr, Fionnghlas, a tháinig os comhair na cúirte ar nasc físe ó stáisiun póilíní Musgrave i mBéal Feirste.
Tógadh é inné ar bharántas gabhála Eorpach.
Chomh maith le hiarracht dúnmharaithe, cúisíodh Kieran Maguire in ábhar pléasach a bheith ina sheilbh aige agus é mar rún aige beatha a chur i mbaol.
Baineann na cúiseanna le heachtra a tharla sa Mhagh, Co Dhoire, ar an 18 Meitheamh 2015 nuair a fuair póilín gaireas pléacach faoina ghluaisteán.
Dúradh sa chúirt go bhfuil sé i gceist ag an ionchúiseamh cás Kieran Maguire a nascadh le cás fir eile a cúisíodh roimhe seo maidir leis an eachtra.
Tá Kieran Maguire le tabhairt os comhair cúirte arís ar an 19 Bealtaine.