Tá an comhlacht gléasra digití Carphone Warehouse lena ngnó in Éirinn a scor.

Tá 486 duine fostaithe ag an gcomhlacht agus tá 81 siopa acu ar fud na tíre.

I ráiteas, d'fhógair an comhlacht go bhfuil a gcuid siopaí agus a suíomh idirlín le dúnadh láithreach.

Dúradh sa ráiteas go mbaineann an cinneadh le hathruithe móra ar nósanna siopadóireachta custaiméirí le tamall.

Dúradh chomh maith go bhfuil athruithe dá réir á ndéanamh ar an ngnó ag an máthairchomhlacht Dixons Carphone.

Tugadh le fios go gcuirfear seirbhísí ar fáil i gcónaí do chustaiméirí an chomhlachta i siopaí Currys PC World agus ar shuíomh idirlín Currys.ie.