Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden gur "céim ollmhór chun cinn i dtreo na córa" sa tír is ea ciontú póilín i ndúnmharú George Floyd i gcathair Minneapolis i mí na Bealtaine anuraidh.

Bhásaigh George Floyd, fear dubh, tar éis do Derek Chauvin, póilín geal, é a chur béal faoi ar an talamh agus a ghlúin a choinneáil ar a mhuineál ar feadh os cionn naoi nóiméad.

Spreag físeán den eachtra léirsithe agus agóidí i Meiriceá agus thar lear in aghaidh bhrúidiúlacht na bpóilíní.

Inné, chiontaigh giúiré Derek Chauvin, 45 bliain, sa trí chúis a bhí curtha ina leith, mar atá, dúnmharú den dara grád, dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain.

Mhair an triail trí seachtaine agus thug 45 duine fianaise, an scamhógeolaí de bhunadh na hÉireann Martin Tobin ina measc.

Dúirt an tUachtarán Biden gur dúnmharú "a tharla os comhair an tsaoil a bhí ann agus gur bhain sé na dallóga de dhaoine ar fud an domhain."

Smál ar anam an náisiúin atá sa chiníochas córasach, a dúirt an tUachtarán.

Mhol Joe Biden "an bhean óg chróga" Darnella Frazier a ghlac an físeán den dúnmharú agus mhol sé freisin na póilíní a thug fianaise in aghaidh a gcomhghleacaí le linn na trialach.