Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil aon duine dhéag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 390 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 4,847 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 244,297 duine san iomlán.
Tá 179 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 48 díobh in aonaid dianchúraim.
Is i mBaile Átha Cliath atá 172 de na 390 cás nua, tá 42 cás i gCill Dara, 21 sa Mhí, 20 i dTiobraid Árann, 18 i nDún na nGall agus tá an 117 cás eile roinnte idir naoi gcontae dhéag eile.
Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 124 cás nua ann.
Tá 2,136 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 119,235 duine ó thús na géarchéime.
Tá 71 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, naonúr acu in aonaid dianchúraim.