Tá sé ráite ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach gur mó an sochar ná an dochar i vacsaín an chomhlachta Johnson & Johnson in aghaidh Covid-19.
Cuireadh an vacsaín ar fionraí ar feadh tamaill an tseachtain seo caite sna Stáit Aontaithe i bhfianaise tuairiscí gur bhain téachtáin fhola do líon bheag daoine a raibh sí faighte acu.
Bhain na téachtáin fhola d'ochtar ar tugadh an vacsaín dóibh agus fuair duine acu bás.
Dúirt an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach gur chuir siad an fhaisnéis ó Mheiriceá san áireamh nuair a bhí vacsaín Johnson & Johnson á measúnú acu agus go bhfuil siad den bharúil go bhfuil sí sábháilte.
Mar sin féin, a dúradh, ba cheart téachtáin fhola a chur le liosta na bhfo-iarmhairtí thar a bheith neamhchoitianta a d'fhéadfadh a bheith ann.
Tá Éire le 600,000 dáileog de vacsaín Johnson & Johnson a fháil idir seo agus Meitheamh.
Murab ionann agus vacsaíní eile, ní thugtar ach instealladh amháin de vacsaín Johnson & Johnson do dhaoine.