Tá seacht saothar nua ealaíne coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Tá na coimisiúin seo sna hamharc-ealaíona, sa cheol agus sa litríocht.

Is cuid iad den chlár comórtha ilghnéitheach atá á eagrú ag an Acadamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain mhór chuimhneacháin Cholm Cille a rugadh 1500 bliain ó shin i nGartán i dTír Chonaill.

Ba cheannródaí suntasach é Colm Cille (c. 521-597) a raibh tionchar as cuimse aige ar Éirinn agus ar Albain sa séú haois.

Aithnítear gurbh é a leath an Chríostaíocht sa tír ar a dtugtar Albain sa lá atá inniu ann. Bhunaigh sé mainistir thar a bheith tábhachtach ar Oileán Í ar lárionad ceannasach i gcúrsaí reiligiúin, cultúir agus polaitíochta sa réigiún í ar feadh na gcéadta bliain.

Ba bhall de ríshliocht ceannais na linne é agus áirítear é mar dhuine de thriúr naomhphátrún Éireann.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Simon Coveney: "Tá Colm Cille (Columba), nó oidhreacht Cholm Cille, ina nasc bunúsach sa chaidreamh idir Éire agus Albain.

Cruthóidh na coimisiúin seo, mar chuid de chomóradh 1500 bliain a bhreithe, machnamh as an nua ar oidhreacht shuntasach idirnáisiúnta a chuimsíonn réimsí éagsúla, ina measc réimsí na healaíne, na teanga, na heaglaise agus an dlí, agus ar oidhreacht ár gcomhphobal."

Is é a dúirt an Dr Mary Canning, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann: "Siombail é Colm Cille den dlúthcheangal idir Éire agus Albain.

Tá oidhreacht i bpáirt againn atá ilghnéitheach, ilteangach agus ilsainchreidmheach. Féachann Acadamh Ríoga na hÉireann leis an dáimh chultúrtha agus ealaíne idir Éire agus Albain a cheiliúradh trí na coimisiúin seo, agus an chomhpháirtíocht idir pobail uile an dá thír a neartú, go háirithe an chomhpháirtíocht is dual do phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig."

Is iad na healaíontóirí seo a leanas a chuirfidh na coimisiúin i gcrích:

  • -Timothy O’Neill, máistirchallagrafaí. Cruthóidh sé saothar ealaíne a dhéanfaidh ceiliúradh ar Cholm Cille mar pheannaire agus ar a thionchar ar thraidisiún na lámhscríbhinní.
  • Róisín de Buitléar, a bhfuil duaiseanna bronnta ar a saothair ealaíne ghloine. Freagróidh a píosa dealbhadóireachta i ngloine do chreideamh Cholm Cille go bhfuil "trí mhodh éagsúla chun daoine a thabhairt chun creidimh."
  • Éamon Doorley, Zoë Conway and John McIntyre, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu mar cheoltóirí. Cumfaidh siad amhrán úr i gcomhar le chéile, le spreagadh samhlaíoch ó shaol agus ó shaothar Cholm Cille.
  • Biddy Jenkinson, file agus drámadóir clúiteach Gaeilge. Tá dráma á scríobh aici dar teideal Í ina ndéanfar machnamh ar Cholm Cille agus é idir dhá thine Bhealtaine nuair a bhí mórchinntí a shaoil le déanamh aige.
  • Proinsias Mac a’ Bhaird, scríbhneoir bisiúil Gaeilge. Tá úrscéal á chumadh aige a shamhlaíonn óige Cholm Cillein Éirinn agus na cúinsí a thug air imeacht go hOileán Í.
  • Sandaidh NicDhòmhnaill Jones, sárfhile Gàidhlig a bhfuil coróin reatha A’ Chomuinn Ghàidhealaich uirthi. Tá sí ag obair ar shraith dánta bunaithe ar shaoltaithí Cholm Cille agus ar thionchar a oidhreachta.
  • Simon Ó Faoláin, file tréitheach Gaeilge. Tá sé ag cumadh sraith dánta bunaithe ar thréimhsí éagsúla i saolCholm Cille agus ar thoisí ilghnéitheacha a oidhreachta.

Tá sraith léachtaí poiblí ar ghnéithe d'oidhreacht Cholm Cille á heagrú ag Acadamh Ríoga na hÉireann freisin don fhómhar, le tacaíocht ón gcomhpháirtíocht Éireannach-Albanach Colmcille.net. Tá súil ag an Acadamh na léachtaí a chur ar fáil i bhfoirm podchraoltaí i ndiaidh na sraithe, maille le taispeántas digiteach.

Is féidir tuilleadh eolais faoi na healaíontóírí agus a gcuid coimsisiún a léamh anseo

Timothy O'Neill (www.timothyoneill.ie):

Máistirchallagrafaí é Timothy O'Neill agus saineolaí ar ealaín an scríobhaí agus ar stair na lámhscríbhinní in Éirinn. Is é údar an leabhair The Irish Hand: Scribes and their manuscripts from the earliest times (2014). Tá iliomad coimisiún ealaíne curtha i gcrích aige thar na blianta, ina measc dearadh Ceilteach d’eitleáin British Airways (1997), stampaí do An Post (2009) agus macasamhail de Shaltair an Fheadáin Mhóir (2011). Ba ábhar inspioráide dó riamh anall scéal agus oidhreacht Cholm Cille.

Saothar ealaíne le Timothy O’Neill do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500 'Agus é ina nasc beo idir traidisiún béil na Luath-Ghaeilge agus traidisiúin liteartha na Críostaíochta Rómhánaí, léiríodh Colm Cille mar scríobhaí agus mar údar inspioráide do Leabhar Dharú agus do Leabhar Cheanannais. Agus mé ag baint feidhme as téacs de dhán ársa a cumadh ina onóir agus as clónna bunaithe ar eiseamláirí meánaoiseacha, i gcóiriú a thabharfaidh aitheantas don domhan Éireannach-Albanach inar mhair sé, comórfaidh an saothar an chomaoin a chuir Colm Cille ar thraidisiún na lámhscríbhinní’.

Róisín de Buitléar (www.rdebuitlear.com): Ealaíontóir céimiúil gloine í Róisín de Buitléar a bhfuil saothar léi le feiceáil i mbailiúcháin náisiúnta in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, sa tSeapáin, sa tSín agus sna Stáit Aontaithe. Mar mhúinteoir ar a sainealaín, tá an domhan siúlta aici agus ba í an chéad ealaíontóir cónaitheach i Músaem Náisúnta na hÉireann i 2018 í. Mar bhunchloch san ealaín s’aici, tá scéalta óna dúchas féin a insítear trí fheidhm a bhaint as patrún, dath, cruth agus saintréithe na gloine.

Saothar ealaíne le Róisín de Buitléar do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500 ‘"Tres autem sunt modi vocationum" (a leagtar ar Cholm Cille): "Tá trí mhódh éagsúla a thugann daoine chun creidimh". Le linn a bheatha, bhí modhanna ag Colm Cille chun daoine a thabhairt chun creidimh. Trí mhachnamh agus staidéar a dhéanamh ar an bhfianaise scríofa, is mian liom an téama seo a iniúchadh mar bhunús do phíosa dealbhadóirechta gloine.’

Julie Fowlis agus Éamon Doorley agus Zoë Conway agus John McIntyre (amhráin agus ceol):

Ceoltóirí, cumadóirí agus oirfidigh a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach acu iad Julie Fowlis agus Zoë Conway agus gradaim iomadúla bronnta orthu beirt de thairbhe feabhas a gcuid ceoil. De bhunadh Uidhist a’ Tuath in Inse Ghall í Julie agus is le hoidhreacht Oirialla a bhaineann Zoë. I bpáirt lena bpáirtithe, na ceoltóirí Éamon Doorley agus John McIntyre, tháinig siad le chéile in 2018 chun saibhreas a ndúchas a cheiliúradh ar an dlúthdhiosca Allt, áit a gcloistear cóiriú úrnua ceoil ar dhánta le Máirtín Ó Direáin, Nioclás Ó Cearnaigh, Dòmhnall Ruadh Chorùna agus filí nach iad.

Saothar ealaíne le Julie Fowlis agus Éamon Doorley agus Zoë Conway agus John McIntyre do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500:

Tá lúcháir orainn gur tugadh cuireadh dúinn a bheith páirteach sa tionscadal ríspéisiúil seo, agus muid ag obair mar mheitheal cheoil ar amhrán nua a chumadh a bhfuil saol agus saothar Cholm Cille mar spreagadh aige. Cuireann saol agus saothar an mhanaigh naofa seo oidhreacht shaibhir agus ealaín uasal Éireann agus Alban in iúl dúinn. Is meafar é a ainm féin don nasc ársa a theannann Éire agus Albain go dlúth le chéile. Is ceathrar ceoltóirí sinn as Éirinn agus as Albain a bhfuil nasc láidir againn le hoileáin na hAlban agus le hiardheisceart Thír Chonaill, áit a bhfuil lorg Cholm Cille greannta go follasach ar orthaí, ar fhilíocht, ar amhráin, ar scéalaíocht, ar ainmneacha agus ar logainmneacha. Is é ár mian é go léireoimid ar bhealach beag tábhacht mhóroidhreacht Cholm Cille sa bhliain stairiúil seo 2021.’

Biddy Jenkinson:

File, prós-scríbhneoir agus drámadóir ildánach a bhfuil scoth an ábhair foilsithe aici in ocht leabhar filíochta agus i dtrí chnuasach scéalta. Tá cáil uirthi de bharr a cumais tumadh go domhain i stair agus i seanlitríocht na hÉireann agus tá léitheoirí curtha faoi gheasa aici lena léamha samhlaíocha ar rian an duine ar an tírdhreach agus ar an ngaol idir na gnéithe nádúrtha agus cultúrtha den oidhreacht dhaonna. Tá cuid mhaith de na dánta sa chnuasach is déanaí léi Sceilg na Scál (2017) bunaithe ar thraidisiún na manach ar Sceilg Mhíchíl, agus tá gearrscéalta barrúla bríomhara cumtha aici bunaithe ar phearsana agus ar eachtraí ó litríocht na meánaoiseanna.

Saothar ealaíne le Biddy Jenkinson do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500: ‘Faoi chló dráma, darb ainm ‘Í’, ba mhaith liom ceisteanna a chur orm féin agus ar an mbeirt a bheidh sa dráma, maidir le dúchas, oiliúint, dílseacht, creideamh, ainchreideamh, Críostaíocht. Ní freagraí atá uaim ach gníomhaíocht a leanfadh ó na hagallaimh. Réiteoidh mé an dráma seo do bheirt aisteoirí. Ach na hacmhainní a bheith ar fáil chuige, d’fhéadfaí é a fhorbairt amach anseo do chompántas le cliar agus le cór.’

Proinsias Mac a’ Bhaird:

As Árainn Mhór ar chósta Thír Chonaill ó dhúchas do Phroinsias Mac a’ Bhaird, agus tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is cumasaí agus is bisiúla dá ghlúin. Tá trí chnuasach filíochta agus ceithre úrscéal foilsithe go dtí seo aige, agus tá gearrscéalta, drámaí, ficsean don óige agus amhráin scríofa freisin aige. Bhuaigh an scéinséir Tairngreacht (2018), a bhfuil gnéithe de scéal agus d’oidhreacht Cholm Cille fite trína phlota anamúil, an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana i gcomórtas liteartha An Post 2019.

Saothar ealaíne le Proinsias Mhic a’ Bhaird do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500: 'Úrscéal 70,000 focal a shamhlaíonn óige Cholm Cille in Éirinn agus na cúinsí a thug air imeacht.’

Sandaidh NicDhòmhnaill Jones

(https://sandynicdhomhnailljones.com/): Tá Sandaidh NicDhòmhnaill Jones ar dhuine de na filí is suaithinsí atá ag scríobh sa Ghàidhlig faoi láthair. Is cumadóir amhrán, fonnadóir agus cláirseoir freisin í, agus tá cur i láthair suntasach aici agus a saothar filíochta á aithris nó á chanadh go poiblí aici. Tharraing a céad chnuasach Crotal Ruadh / Red Lichen (2016) aird uirthi mar fhile le guth láidir baineann, atá báite sa dúchas Gaelach agus a tharraingíonn ar chomhoidhreacht chlasaiceach na hEorpa, ach a phléann ceisteanna atá comhaimseartha, tráthúil agus tábhachtach. Bronnadh mórghradam uirthi nuair a ceapadh ina Bàrd a’ Chomainn í don tréimhse 2019-2021 ag Mòd na hAlban i nGlaschú in 2019. Táthar ag súil le foilsiú a dara cnuasach, An Seachdmhadh Tonn / The Seventh Wave, gan mhoill.

Saothar ealaíne le Sandaidh NicDhòmhnaill Jones do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500: ‘Tá mé ag obair ar shraith dánta, sort leabhráin a mbeidh cúig rannán déag ann, ar ábhair éagsúla agus i bhfoirmeacha éagsúla filíochta. Tá gach dán bunaithe ar ghné d’eispéiris nó de ghníomhartha Cholm Cille, agus ar thionchar a shaoil agus a oidhreachta. Chomh maith leis an stair agus an naomhsheanchas, táim ag tarraingt freisin ar mheafair, ar shamhlaíocht agus ar ábhar léirmhínitheach.’

Simon Ó Faoláin:

Is file tréitheach é Simon Ó Faoláin, a bhfuil rian a oiliúna mar sheandálaí gairmiúil le brath ar an bhfilíocht allabhrach mhachnamhach a chleachtaíonn sé. Tá spéis ar leith aige in áiteanna imeallacha agus i gcultúir agus i dteangacha atá mionlaithe nó i mbaol. Polaitíocht na hinbhuanaitheachta atá taobh thiar den dán fada ‘Tréigint Eilean Hiort: cuimhní ceathrar’ ina chéad chnuasach Anam Mhadra (2008). Tá a mhórshuim i gceist shoghontacht an duine le feiceáil ina aistriúchán ar an dán fada fealsúnach ‘A’ Mheanbhchuileag’ leis an bhfile Gàidhlig Fearghus MacFhionnlaigh, a foilsíodh taobh leis an mbundán sa leabhar dátheangach A’ Mheanbhchuileag / An Corrmhíol (2014).

Saothar ealaíne le Simon Ó Faoláin do Choimisiún Ealaíne Cholm Cille 1500, ARÉ/ RGE Tá Simon ag obair ar shraith dánta a fhéachann ar na céimeanna éagsúla i saol Cholm Cille, ar an nuálaíocht agus ar an gcoimhthíos a shamhlaíonn sé leis an gCríostaíocht in Éirinn i ré Cholm Cille, agus ar na brait chasta féiniúlachta – de stair, de naomhsheanchas agus de bhéaloideas – atá teilgthe ar Cholm Cille mar dhuine, agus iad ag tógáil ar a chéile thar na blianta iomadúla atá imithe thart ó bhí sé beo.