Dúirt fear as Co Mhaigh Eo a raibh baint ag alcól le bás a mhic deich mbliana ó shin go bhfuil "múisiam millteanach air faoi shiléig an Rialtais" maidir le híosphraghas ar alcól a thabhairt isteach.
"D'iarr muid go ngearrfaí íosphraghas ar aonaid alcóil tar éis dár mac David lámh a chur ina bhás féin mar go raibh alcól ar cheann de chúiseanna a bhí lena bhás," a dúirt John Higgins as Béal an Átha.
Chonacthas David Higgins go deireanach ar an 13 Márta 2011 agus é ag siúl cois abhann tar éis cóisír tí a fhágáil i mBéal an Átha.
"Nuair a thángthas ar chorp David tar éis coicíse san abhainn, bhí an méid alcóil ina chorp ceithre huaire os cionn na huasteorann ceadaithe. Insíonn sé sin scéal ... . Tá seo imithe ar aghaidh rófhada. Tá sé amuigh ar an Rialtas é seo a chur i bhfeidhm d'aos óg na tíre," a dúirt John Higgins.
David Higgins
Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte gur thug an Rialtas beannacht d’íosphraghas ar aonaid alcóil in 2013 ar an bhonn go gcuirfí i bhfeidhm ag an am céanna é sa Phoblacht agus sa Tuaisceart araon le súil is nach mbeadh tionchar aige ar thrádáil trasteorann.
Níl sé i gceist ag Aire Sláinte an Tuaiscirt an polasaí a thabhairt isteach le linn a thréimhse oifige a dtagann deireadh léi i mBealtaine 2022.
Tuigtear do 7LÁ go bhfuil an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag féachaint ar bhealaí eile le híosphraghas ar alcól a thabhairt isteach sa Phoblacht aisti féin.
Idir an dá linn, tá imní ar shaineolaithe sláinte poiblí go bhfuil an méid alcóil atá á ól ag daoine sa bhaile ardaithe go mór le linn na paindéime agus tá achainí á déanamh acu go gcuirfí íosphraghas i bhfeidhm.
Creideann an tOllamh Joe Barry, atá ina chomhalta boird ar Ghníomhaireacht Alcóil Éireann, go ndéanfadh íosphraghas "an-mhaitheas dúinn mar phobal."
"Ní bheadh alcól an-saor sna hollmhargaí. Bheadh laghdú ar an méid daoine a gheobhadh bás in Éirinn de bharr alcóil agus is mór an bua é sin," a dúirt an tOllamh Barry.
Joe Barry
Tugadh isteach íosphraghas ar alcól in Albain trí bliana ó shin. Deir an Dr Ciarán Ó Fearraigh go bhfuil fianaise ann ó thíortha eile cosúil le Ceanada agus le hAlbain go mbíonn rath air.
"Nuair a thug siad isteach íosphraghas ar aonad alcóil, thit ólachán go mór. Chonaic muid in Albain gur thit sé go dtí an leibhéal a bhí ann i 1990, arsa an Dr Ó Fearraigh.
Dúirt an Dochtúir Ó Fearraigh go bhfeiceann sé tionchar an óil ina obair laethúil "... trioblóidí atá muid in ann a cheangal go díreach le hólachán, cosúil le galar ae nó fadhbanna meabhairshláinte nó féinmharú ach chomh maith leis sin, fadhbanna sláinte eile".
San Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 a tháinig i bhfeidhm ar an 17 Deireadh Fómhair 2018, cuireadh forálacha ann faoina bhféadfadh íosphraghas a thabhairt isteach.
I dtuarascáil ón Bhord Taighde Sláinte, cuirtear síos ar dhíolacháin i siopaí eischeadúnais a bheith méadaithe agus ar "athrú suntasach" i dtreo ólacháin sa bhaile ó thús na paindéime.
Dá bharr sin, tá an Bord ag moladh go gcuirfí an tAcht Sláinte Poiblí i bhfeidhm ina iomláine. Dá ngearrfaí íosphraghas ar aonad alcóil mar a leagtar amach san Acht, bheadh íoschostas:
- €22.09 ar bhuidéal fuisce 700ml (40% de réir toirte)
- €20.71 ar bhuidéal gin agus vodca 750ml (37.5% de réir toirte)
- €7.40 ar bhuidéal fíona 750ml (12.5% de réir toirte)
- €1.78 ar channa beorach 500ml (4.3% de réir toirte)
Faoin Acht, thabharfaí cead do Ghardaí an dlí a chur i bhfeidhm dá sárófaí é agus bheadh sé de dhiscréid ag Aire Sláinte íosphraghsanna a athrú le himeacht ama.
Ní aontaíonn Drinks Ireland, a labhraíonn thar ceann an tionscail, go bhfuil méadú ar ráta ólacháin an phobail. I ráiteas a thug siad do 7LÁ, thagair siad d'fhigiúirí na gCoimisinéirí Ioncaim a léirigh titim 6.6% ar an an méid a d’ól daoine anuraidh.
Dúirt Drinks Ireland gur mian leo go rachfaí i ngleic le halcól saor chun mí-úsáid a mhaolú ach gur cheart go dtabharfaí íosphraghsanna isteach i bpáirt leis an Tuaisceart.
Mhaígh siad dá dtabharfaí isteach iad sa Phoblacht amháin go mbeadh difríocht 38% ar phraghas alcóil idir an dá dhlinse agus go dtiocfadh caillteanas €94m a bheith ar an Státchiste de bharr díolacháin trasteorann.
Thug Roinn an Taoisigh le fios do 7LÁ go bhfuil tionchar íosphraghsanna ar shláinte phoiblí agus ar chúrsaí iomaíochta á scrúdú ag an Rialtas sula ndéanfaidh siad cinneadh ina thaobh.
Áirítear an t-achar ama d’achtú an Achta Sláinte Poiblí ar an tréimhse ab fhaide riamh ar bhille dul tríd an Dáil - 916 lá go dtí seo.
"Tá sé deich mbliana ó bhásaigh David agus tá muid fós an-fhada ar shiúl ó réiteach na faidhbe," a dúirt John Higgins.
"Beidh an seanscéal céanna le cloisteáil faoi cheann deich mbliana mura ndéanfar athruithe," a dúirt sé.
Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar 7LÁ ar TG4 ag 8 a chlog anocht.