Fuarthas gaireas pléascach ag teach póilín i gCo Dhoire aréir.

Ceaptar gur easaontóirí poblachtánacha a d'fhág an buama bobghaiste ag teach na mná in aice le Dún Geimhin.

Tá an dochar bainte as an mbuama ag saineolaithe Arm na Breataine ó shin agus tá an láthair agus an ceantar máguaird á scrúdú ag na póilíní.

Labhair Céad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster ar maidin leis an bpóilín a bhfuil leanbh óg aici.

Cháin an Chéad-Aire an dream a rinne iarracht díobháil a dhéanamh don phóilín á rá gur "beart contúirteach agus neamhfhónta a bhí ann."

Dúirt an an LeasChéad-Aire Michelle O'Neill gur ghránna an beart é. Mhaígh sí nach n-éireodh leis an dream a bhí freagrach as "a gclár oibre cúlaitheach agus nimhiúil a chur i bhfeidhm."

D'iarr sí ar pholaiteoirí ó gach aon pháirtí teacht le chéile agus cur in aghaidh "gníomhartha contúirteacha den sórt seo."

Níl aon eolas tugtha ag na póilíní faoi chineál an bhobghaiste a bhí ann.

Tuairiscítear go mb'fhéidir gur fágadh an buama faoi ghluaisteán an phóilín nó go mb'fhéidir go raibh sé i mála a fágadh ar leac an dorais.