Tá barántas gabhála Eorpach eisithe ag an Ard-Chúirt i gcomhair Gerard Hutch atá le cur ar a thriail faoin ionsaí lámhaigh in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath cúig bliana ó shin inar maraíodh fear.

Creideann na Gardaí go mbíonn Gerard Hutch, 58 bliain d'aois, ag bogadh go rialta ó áit go háit ar Mhór-roinn na hEorpa. Tuigtear go bhfuil teach aige sa Spáinn.

Lámhachadh agus maraíodh David Byrne, 34 bliain, in Óstán an Regency i nDroim Conrach ar an 5 Feabhra 2016.

Duine de bhuíon coirpeach Kinahan ab ea David Byrne agus creidtear gur maraíodh é le teann díoltais faoi mharú Gary Hutch - nia le Gerard Hutch - sa Spáinn cúpla mí roimhe sin.

Creideann na Gardaí gur ag iarraidh Daniel Kinahan a mharú a bhí an dream a mharaigh David Byrne. Creideann siad gurb é Daniel Kinahan ceannaire na buíne coirpeach a bhunaigh a athair Christopher.

Níl aon duine ciontaithe go dtí seo i ndúnmharú David Byrne.

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta in 2019, fuarthas neamhchiontach Patrick Hutch - nia eile le Gerard Hutch - sa dúnmharú.