Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le fios go leasódh Rialtas na Breataine Prótacal an Tuaiscirt ar a gconlán féin mura bhfaigheadh an tAontas Eorpach réidh le codanna "áiféiseacha" de.

Dúirt Boris Johnson go bhfuil Rialtas na Breataine cheana féin ag obair ar an bprótacal "a bhaint as aimhréidh" le cúrsaí trádála idir an Bhreatain agus an Tuaisceart a éascú.

De réir an phrótacail, caithfear earraí áirithe a chuirtear chun an Tuaiscirt ón mBreatain a sheiceáil sula ligfear isteach iad.

An mhí seo caite, ámh, d'fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go raibh moill curtha ag Rialtas na Breataine ar fheidhmiú iomlán an phrótacail.

Cé gur ceadaíodh tréimhse chairde sula dtabharfaí codanna den phrótacal isteach, chinn an Bhreatain síneadh a chur leis an tréimhse sin gan dul i gcomhairle leis an Aontas Eorpach.

Tá sé curtha leith Rialtas na Breataine ag an Aontas Eorpach, áfach, gur sháraigh siad forálacha an phrótacail chomh maith leis an oibleagáid gníomhú le dea-intinn, ar cuid iad den Chomhaontú Breatimeachta.

Tá an dlí á chur ar an mBreatain ag an Aontas dá réir sin.

Ag labhairt dó ar chlár teilifíse Spotlight an BBC, dúirt Boris Johnson freisin gur chreid sé nach mbeadh reifreann ar Éirinn aontaithe ann go ceann fada.

Cuireadh an Taoiseach Micheál Martin faoi agallamh ar an gclár céanna agus dúirt seisean nárbh fhíor go raibh an Ríocht Aontaithe á stolladh ag an bprótacal.

Mhaígh sé go n-athdhearbhaíonn an prótacal stádas bunreachtúil an Tuaiscirt agus an prionsabal toilithe.