Tá cuardach fós ar bun ar bhean a chuaigh ag siúl i Sléibhte an Chomaraigh i gCo Phort Láirge inné ach nár cloiseadh uaithi ó thráthnóna inné.

Tá Foirne Tarrthála Sléibhe an Oirdheiscirt chomh maith le foirne as Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Ciarraí páirteach sa chuardach.

Tá an Garda Síochána agus héileacaptar an Gharda Cósta i mbun cuardaigh freisin.

Tuigtear go bhfuil taithí mhaith ag an mbean ag siúl cnoc, go bhfuil sí os cionn 30 bliain agus gurb as Co Thiobraid Árann í.