Tá cead tugtha ag an mBord Pleanála don Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún suíomh Ospidéal Chaoimhín i gcathair Chorcaí a athfhorbairt.
Tógadh an t-ospidéal cúig stór sa tSeanchoill sa bhliain 1895 agus bhíodh áit ann do 490 othar.
Tréigeadh an foirgneamh in 2002 agus scriosadh é de bharr dóiteáin beagnach ceithre bliana ó shin.
Tá cead tugtha anois 266 áras cónaithe, ionad fiontraíochta agus naíolann a thógáil ar an suíomh.
Thug an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún le fios gur tithíocht shóisialta agus tithíocht ar phraghas réasúnta a thógfar.
Idir thithe cathrach agus árasáin dhá urlár a bheas i gceist, a dúradh.