Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna nach bhfuil aon duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné ach go bhfuil 403 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,836 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 243,911 duine san iomlán.

Tá 183 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 50 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 174 de na 403 cás nua, tá 34 cás sa Mhí, 20 i gCill Dara, 18 i Maigh Eo, 16 i gCorcaigh agus tá an 141 cás eile roinnte idir 20 contae eile.

Fógraíodh inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ach go bhfuil 79 cás nua ann.

Tá 2,135 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 119,111 duine ó thús na géarchéime.

Tá 69 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, ochtar acu in aonaid dianchúraim.