Dúirt Easpag Ráth Bhoth Alan Mac Eochagáin go bhfuil an deoise ag comhoibriú go hiomlán leis na Gardaí maidir le haon chás de mhí-úsáid ghnéis ar pháistí a bhaineann leis an Eaglais Chaitliceach.

In agallamh ar Highland Radio, dúirt an tEaspag Mac Eochagáin nach bhféadfadh sé labhairt ar aon chás atá os comhair cúirte faoi láthair ach go bhfuil an deoise tiomanta cuidiú agus tacú le haon duine a thagann chun tosaigh le gearán faoi mhí-úsáid ghnéis.

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, ligeadh amach ar bannaí sagart 85 bliain d'aois, agus atá éirithe as anois, a cúisíodh maidir le 26 cás samplach a bhaineann le hionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bheirt chailíní faoi 18 bliain d’aois i gCo Dhún na nGall idir na blianta 1972-75.

Chuir an Breitheamh Bryan Smyth siar an cás le go n-éistfear é i gCúirt Dúiche Leitir Ceanainn nuair a bheidh an leabhar fianaise ullmhaithe.