D'fhógair an comhlacht cógaisiochta Pfizer/BioNTech go bhfuil siad le 100 milliún dáileog bhreise dá vacsaín in aghaidh Covid-19 a chur ar fáil do bhallstáit an Aontais Eorpaigh i mbliana.

De réir scéim vacsaínithe an Aontais Eorpaigh, bheadh Éire i dteideal os cionn milliún de na vacsaíní breise seo sa chás go raibh an Rialtas ag iarraidh iad a cheannach.

Measann Pfizer/BioNTech go mbeidh 600 milliún dáileog den vacsaín curtha ar fáil acu don Aontas Eorpach faoi dheireadh na bliana seo.

An tseachtain seo caite, fógraíodh go bhfuil cainteanna ar bun idir an tAontas Eorpach agus Pfizer/BioNTech faoin gcéad ghlúin eile de vacsaín an chomhlachta a sholáthar don Aontas i gceann na haimsire.

Tugadh le fios chomh maith go mbeadh an tAontas taobh le Pfizer/BioNTech san am atá le teacht le dul i ngleic le hathraithigh ar an gcoróinvíreas agus de bharr deacrachtaí le vacsaíní eile.