46 othar Covid-19 atá in aonaid dianchúraim in ospidéil éagsúla ar maidin, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Seo an líon is ísle ó thús na bliana agus is laghdú 79% é ón 221 othar Covid-19 a bhí in aonaid dianchúraim ag deireadh Eanáir.

Ní raibh na figiúirí chomh híseal seo ón 31 Nollaig, tráth a bhí 42 othar Covid-19 in aonaid dianchúraim.

179 othar Covid-19 ar fad atá in ospidéil ar maidin. Seo an líon is ísle ón 10 Meán Fómhair anuraidh.

Cuirfear tús inniu le daoine idir 65 agus 69 bliain d'aois a vacsaíniú in aghaidh Covid-19.

Chláraigh go leor acu ar leathanach speisialta ar líne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Áirítear os cionn 100,000 duine a bheith cláraithe ar líne don vacsaín go dtí seo.

Is in ionaid speisialta vacsaínithe seachas in ionaid dochtúirí teaghlaigh atáthar ag tabhairt na vacsaíne do dhaoine a chláraíonn ar líne.