Tá fear gafa ag na Gardaí maidir le dúnmharú an Bhleachtaire-Gharda Adrian Donohoe os cionn ocht mbliana ó shin.
Gabhadh an fear, atá os cionn 30 bliain d'aois, i gceantar Dhún Dealgan ag thart ar 8.30 ar maidin.
Tá sé a choinneáil faoi láthair i Stáisiún Gardaí Dhún Dealgan.
Lámhachadh an Bleachtaire-Gharda Adrian Donohoe taobh amuigh de Chomhar Creidmheasa an Tiarnais i mBaile na Lorgan, Co Lú, ar an 25 Eanáir 2013.
I mí Dheireadh Fómhair anuraidh, gearradh príosún saoil - téarma 40 bliain ar a laghad - ar Aaron Brady as Co Ard Mhacha faoin nGarda Donohoe a dhúnmharú.
Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag air freisin faoi robáil armtha.