Tugadh fear 29 bliain d'aois os comhair cúirte ar maidin agus é cúisithe i ndúnmharú mná i mBaile Átha Cliath arú inné.

Sádh Jennifer Poole, 24 bliain d'aois, a raibh beirt leanaí aici, ina háras cónaithe i gCéide Melville i bhFionnghlas tráthnóna Dé Sathairn. Bhásaigh sí go luath ina dhiaidh sin san ospidéal.

I gCúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir, cúisíodh Gavin Murphy, as Céide Choltraí i mBaile Munna, ina dúnmharú.

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus tabharfar é os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar nasc físe Dé hAoine seo chugainn.

Jennifer Poole

Dúirt aturnae Gavin Murphy go mbeadh a chliant ag iarraidh go scaoilfí saor ar bannaí é nuair a bheas coraintín éigeantach coicíse caite aige i bpríosún.

D'ordaigh an Breitheamh Gerard Jones cóireáil leighis chuí a chur ar Gavin Murphy agus é faoi choinneáil.