Tá an tAthair Anraí Mac Giolla Chomhaill taréis bháis.
Scoláire Gaeilge, múinteoir agus eagarthóir a rugadh agus a tógadh i gcathair Dhoire.
Bhí breis is 70 leabhar foilsithe aige, ina measc Díolaim Próis, saothar inar cuireadh Gaeilge an lae inniu ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.
Chaith sé seal i mbun suirbhéireachta - ar chanúintí na hÉireann, obair a thug é go Dúnchaoin, go Conamara agus go Gleann Cholm Cille.
Chaith sé seal fada ina eagarthóir ar an irisleabhar - An tUltach.