Tá ómós léirithe go forleathan don Uachtarán Michael D. Higgins atá ag ceiliúradh 80 bliain d'aois inniu.
Dúirt an Taoiseach - go bhfuil muintir na hÉireann buíoch as a cheannaireacht 'spreagúil' mar uachtarán.
Ta a dhara tréimhse uachtaránachta á cur isteach ag Michael D.Higgins ó toghadh den chéad uair é i 2011.
Ar ndóigh, ba é a bhí ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge i 1996.