Dúirt an t-iarThaoiseach Bertie Ahern gur anois an t-am leis an gComhdháil Idir-Rialtasach Breataineach Éireannach teacht le chéile arís.

Bhí sé ag labhairt i gcomhthéacs na corraíola atá ag brúchtaíl sa Tuaisceart faoi láthair.

Dúirt Bertie Ahern nach raibh aon chruinniú ag an gcomhdháil sin ó tháinig Boris Johnson i gcumhacht mar phríomhaire sa Bhreatain, agus 'níl aon chaidreamh polaitiúil ceart idir an dá rialtas faoi láthair'.

'Ba chóir a léithid de chruinniú a ghairm láithreach' a dúirt an t-iarthaoiseach 'agus é bheith ar chomhchéim le haon chruinniú mullaigh idirnáisiúnta.

Foréigean ag neartú ó thuaidh le tamall mar a léiríonn an t-iomhá seo i mBéal Feirste

Dúirt sé go bhfuil achrannacha ardaithe sa Tuaisceart ó thús na bliana, agus go gcaithfear dul i ngleic leo seachas a bheith ag scaoileadh le nithe sleamhnú.

'Níl aon athrú ar stádas bunreachtúil an Tuaiscirt ó tháinig an Breatimeacht i bhfeidhm' a dúirt sé agus 'ní athróidh sé sin d'uireasa thoil an mhóraimh ó thuaidh.

Bhí Bertie Ahern ag labhairt ar an gclár polaitíochta teilifíse de chuid RTÉ 'The Week in Politics'.