Dúirt an tAire Sláinte,Stephen Donnelly go bhfuil sé i gceist i gcónaí clár vacsaínithe Covid an Rialtais a leanacht de réir aoise.

Chosain sé áfach an fiosrúchán a rinne sé maidir le snáthaid a thabhairt níos túisce don aoisghrúpa 18-30.

Bhí an tAire Donnelly ag labhairt ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'This Week'.

B'fhéidir go sínfí an t-am idir an chéad agus an dara snáthaid

Dheimhnigh sé freisin go bhfuil an rialtas i mbun machnaimh ar cheart síneadh ama a chuir idir an chéad tsnáthaid den vacsaín agus an dara ceann.

Dúirt an tAire go bhféachfar ar an am idir an dá shnáthad a shíneadh go 8 seachtaine nó fiú go 12 seachtain.

Dúirt sé go mbeidh sé i gcomhairle le saineolaithe sláinte as seo go ceann cúpla lá faoin gceist.