Tá cruinniú á lorg ag Ard-Easpag Ard Mhacha agus Príomháidh na hEaglaise Caitlicí,Eamon Martin leis an Aire Sláinte i dtaca le reachtaíocht bainteach le seirbhisí reiligiúnda agus ceiliúradh aifrinn.

I ráiteas ón Ard-Easpag Martin deir sé gur 'gníomh danartha' an ionstraim reachtúil a foilsíodh roinnt laethanta ó shin,nach gceadófar aon tseirbhís eaglasta a reachtáil ach amháin go fíorúil.

Dúirt sé gur ar an Aoine a tuigeadh dó céard a bhí sínithe ag an Rialtas, agus chuaigh sé i gcomhar leis na hardeaspaig eile.

'Táim lán tsásta bualadh leis na hardeaspaig' a dúirt Aire Sláinte Stephen Donnelly

Dúirt sé gur olc an mhaise don Rialtas a léithid de bheartas a chur i bhfeidhm gan é a bheith pléite le ceannairí eaglasta roimh ré.

Tá na hardeaspaig ag lorg comhairle dlí anois, agus tá cruinniú práinneach leis an Aire Donnelly á lorg acu.

Ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'This Week', dúirt an tAire Donnelly go mbeadh sé lán tsásta bualadh leis na hardeaspaig, agus gur thuig sé go raibh cuid mhór daoine curtha amach nach raibh siad ábalta freastal ar aifreann go fisiciúil.

Dúirt sé áfach go gcaithfí na srianta a choinneáil ar chúrsaí aifrinn go fóill, ó tá cosc ar aon bhailiúchán daoine laistigh i bhfoirgnimh.