Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí de chuid an Tánaiste go raibh Leo Varadkar i dteagmháil leis na gardaí ionas go gceisteofaí é faoi mheamram a sceitheadh 2 bhliain ó shin.

Dúradh nach bhféadfaidh an Tánaiste tada eile a rá go gcríochnaítear an fiosrúchán.

Baineann sé le heolas a roinn Leo Varadkar, nuair a bhí sé ina Thaoiseach,faoin socrú a bhí déanta idir an Roinn Sláinte agus Cumann na nDochtúirí Teaghlaigh (IMO).

Thug sé cóip den cháipéis nach raibh foilsithe do Mhaitiú Ó Tuathail, uachtarán ar eagraíocht eile dochtúirí nach raibh páirteach sna cainteanna.

Tharla sé seo uilig in Aibreán 2019.

Tá na gardaí ag fiosrú an scéil seo go hoifigiúil ón mhí seo caite.

Deir siadsan nach féidir leo a thuilleadh a rá faoin scéal faoi láthair.