Ní raibh líon na n-othar le Covid sna hospidéil chomh híseal le 6 mhí is a bhí ar maidin inniu.

De réir na bhfigiúirí,181 duine atá ag fáil cóir leighis don aicíd sna hionaid sin.

Ag tús Dheireadh Fómhair cheana a bhí an figiúir chomh híseal seo.

Ón lá inniu, glacfar le daoine atá in aois 66 bliain clarú chun vacsaín i gcoinne an víris a fháil.

Na hionaid vacsaínithe bruidiúil i mbun dáilithe

Tá an tseirbhís sin ar fáil cheana féin dóibh siúd idir 67-69.

Is féidir an coinne sin a dhéanamh trí shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).

Is féidir le daoine glaoch gutháin a chur freisin ar an HSE 1850 24 1850.

Deir an HSE go bhfuil 77,000+ cláraithe le 3 lá chun vacsaín a fháil.

Tá súil ag an Rialtas go mbeidh an chéad dáileog den vacsaín faighte ag gach duine sa stát idir 60-69 faoi dheireadh mhí Bealtaine.