Tá fear á cheistiú ag gardaí i gcónaí ar maidin faoi dhúnmharú mná i gCo.Bhaile Átha Cliath inné.
B'amhlaidh a sáthadh Jennifer Poole (24) i gceantar Fhionnghlais.
Thángthas uirthi ina hárasán i ndroch-chaoi i gCéide Melville go gairid tar éis a 2 a'chlog sa tráthnóna.
Chonacthas fear ag léim ó bhalcón lasmuigh den árasán, agus gabhadh eisean ní ba dheireanaí.
Is féidir é a choinneáil ar feadh 24 uair a' chloig.
Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic tada dul i dteagmháil leo.
Tá a thuilleadh scrúduithe dlíeolaíoch á chur ar an láthair inniu.
Fágann Jennifer Poole beirt leanaí ina diaidh agus tá gaolta ag breathnú ina ndiaidh sin faoi láthair.