Rialaigh an Ard Chúirt go bhfuil bean ón Afraic Theas á coinneáil go dleathach faoi chóras an Choraintín Éigeantaigh Óstáin.

Bhí agóid dhlíthiúil tugtha ag Charlene Heyns in aghaidh an chórais.

Tá sí á coinneáil in óstán ó tháinig sí ar ais ón Afraic Theas ar an 9 Aibreán.

Tá na dlíodóirí ag tabhairt dúshlán an chórais coraintín, mar atá sé á chur i bhfeidhm faoi láthair.

Dúirt an Breitheamh Brian O'Moore áfach nár bhraith seisean ar bhealach ar bith go raibh Bunreacht na hÉireann á shárú ag an reachtaíocht seo.

Má thástaileann Charlene Heyns diúltach sa tástáil Covid atá aici ar an Luan, beidh cead bóthair aici.