Tá na gardaí tar éis tús a chur le fiosrúchán dúnmharaithe i gCo.Bhaile Átha Cliath.
Fuarthas bean 25 bliain d'aois gortaithe go dona i gceantar Fhionnghlais níos túisce tráthnóna.
B'amhlaidh a bhí sí sáite roinnt mhaith babhtaí.
Tugadh chuig Ospidéal Uí Chonghaile í, áit ar bhásaigh sí níos deireanaí.
Tá scrúdú dlíeolaíoch á dhéanamh ar láthair an tí chónaithe i gCéide Melville.
Tá fear gafa ag na gardaí agus é á choinneáil faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.