D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, díolúintí áirithe i dtaca leis an gCoraintín Éigeantaigh Óstáin atá tagtha i bhfeidhm sa stát seo.
Go ginearálta, caithfidh daoine a thagann ó thíortha atá ar liosta an choraintín,cloí leis na forálacha.
'Ach tá eisceachtaí áirithe' a dúirt an tAire Sláinte.
An tAire Sláinte Stephen Donnelly
Má tá cruthúnus ar iompar ag duine go bhfuil vacsaíniú iomlán faighte aige, agus tástáil diúltach PCR, ní gá dó treimhse a chaitheamh in óstán.
Freisin tá díolúine ann do theaghlaigh a bhfuil páiste nua-bheirthe acu.
Ach caithfidh an dream a gceadaítear na díolúintí seo dóibh dul ar coraintín i bpé áit a bhfuil siad ag cur fúthu.