Tá sé dearbhaithe ag an gCrannchur Náisiúnta go bhfuil an té a cheannaigh an ticéad buacach Lotto i gcrannchur na Céadaoine tagtha chun cinn.
Ceannaíodh an ticéad i stáisiún peitril Circle K lasmuigh de chathair Chill Chainnigh.
€12.7m a bhí i dtarraingt an Lotto Dé Céadaoin seo caite, agus buaiteoir amháin a scuab leis é.
Seo é an dara huair i mbliana a bhfuil an pota óir sa chrannchur náisiúnta buaite.